Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhfhreagras Ranna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 31 January 2007

Wednesday, 31 January 2007

Ceisteanna (142)

Trevor Sargent

Ceist:

218 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Taoiseach cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2384/07]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Geallann an Chairt do Chustaiméirí de chuid Roinn an Taoisigh go dtabharfar admháil ar gach comhfhreagras laistigh de 3 lá oibre ó fhaightear é, agus go dtabharfar freagra iomlán ar gach comhfhreagras laistigh de 15 lá oibre ó fhaightear é. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, tugtar gealltanas go n-eiseofar freagra idir an dá linn, ag míniú an cháis agus ag cur in iúl cathain a bheidh freagra ceart ar fáil.

Úsáidtear an t-amscála seo, a leagtar amach sa Chairt, i leith comhfhreagras i nGaeilge agus i mBéarla.

Barr
Roinn