Mary Upton
Ceist:112 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá glactha anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7712/07]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2007
112 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá glactha anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7712/07]
Amharc ar fhreagra132 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó dréachtscéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá os a chomhair anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7713/07]
Amharc ar fhreagraTá i gceist agam Ceisteanna Uimh. 112 agus 132 a thógáil le chéile.
Tá 43 scéim teanga daingnithe agam anois le comhlachtaí poiblí agus foilsithe. Ta na scéimeanna seo uilig ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie. Sa bhreis ar sin, tá fógra seolta agam chuig os cionn 70 comhlacht poiblí eile ag iarraidh orthu dréacht-scéim teanga a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú. Tá oifigigh mo Roinne ag plé leis na comhlachtaí sin faoi láthair.