Michael D. Higgins
Ceist:127 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil scéim aige i leith theorainn na Gaeltachta, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7709/07]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2007
127 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil scéim aige i leith theorainn na Gaeltachta, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7709/07]
Amharc ar fhreagraNíl aon scéim, per se, ag mo Roinnse chun athraithe a dhéanamh ar theorainn na Gaeltachta. Faoi mar atá curtha in iúl agam don Teach cheana féin, áfach, bhí mór-staidéar teangeolaíoch idir lámha le tamall anuas dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun:
forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú; agus
athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta.
Tá an staidéar sin déanta anois agus á scagadh ag mo Roinnse faoi láthair. Níl aon chinneadh déanta maidir le moltaí an staidéir sin go fóill. Glacaim leis go mbeidh an tuarascáil le foilsiú i dtráth cuí agus beidh mé sásta cóipeanna a chur ar fáil i Leabharlann an Oireachtais ag an am sin.