Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tógála Scoile.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2007

Tuesday, 6 March 2007

Ceisteanna (373)

Pat Rabbitte

Ceist:

452 D’fhiafraigh Mr. Rabbitte den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a chuirfidh sí ant-airgead ar fáil chun foirgneamh nua scoile a thógáil do Ghaelscoil Chloich na Coillte, Contae Chorcaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8242/07]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá suíomh oiriúnach faighte ag Oifig na nOibreacha Poiblí thar ceann mo Roinnse don tionscadal seo.

Tá an líon foirne fadtéarmach réamh-mheasta, ar a mbeidh riachtanais chóiríochta na scoile bunaithe, cinnte agus cuireadh in iúl é d'údarás na scoile. Brostófar an tionscadal tógála a theastóidh chun an scoil nua a sholáthar faoin gClár um Thógáil agus Athchóiriú Scoileanna.

Barr
Roinn