Brian O'Shea
Ceist:52 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó Scéim faoi Acht na dTeangacha atá glactha aige anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15019/07]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Tuesday - 24 April 2007
52 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó Scéim faoi Acht na dTeangacha atá glactha aige anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15019/07]
Amharc ar fhreagra720 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé tar éis dréacht-scéim a lorg ó na heagraíochtaí iomchuí de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. [15367/07]
Amharc ar fhreagraTógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 52 agus 720 le chéile.
Tá 50 scéim teanga, a chlúdaíonn 78 comhlacht poiblí — mo Roinn féin ina measc — daingnithe agam anois agus iad foilsithe. Tá gach ceann de na scéimeanna sin ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéir Teanga, www.coimisineir.ie. Lena chois sin, tá 68 dréacht-scéim eile, a chlúdaíonn 126 comhlacht poiblí, á n-ullmhú faoi láthair agus tá mo Roinnse ag plé leis na comhlachtaí poiblí atá i gceist d'fhonn an próiseas i ndáil leis na scéimeanna sin a chríochnú a luaithe agus is féidir.