Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár Tógála Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 October 2007

Tuesday, 9 October 2007

Ceisteanna (347)

Brian O'Shea

Ceist:

430 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a chuirfear iarratas Ghaelscoil Philib Bharúin ar mhórthionscnamh tógála ar aghaidh go dtí an staid pleanála ailtireachta (sonraí tugtha) agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22879/07]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Rannóg Pleanála Scoileanna na Roinne tar éis iarratas a fháil ar oibreacha móra caipitil ón údarás scoile sa scoil dá dtagraíonn an Teachta. Measúnaíodh an t-iarratas ar scoil nua faoi réir ag na critéir tosaíochta atá foilsithe agus sannadh rátáil Bhanda a 2 dó. Machnófar an t-iarratas i gcomhthéacs an Chlár ilbhlianach Tógála agus Nuachóirithe Scoileanna.

Barr
Roinn