Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Leibhéal Dífhostaíochta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 October 2007

Tuesday, 16 October 2007

Ceisteanna (307)

Dinny McGinley

Ceist:

382 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag comhlacht (sonraí tugtha) maidir le fostaíocht a chruthú i gCill Chártha, Contae Dhún na nGall; cén líon post atá i gceist; cén tráth ama atá i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23861/07]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an comhlacht atá i gceist ag an Teachta le tús a chur lena chuid gníomhaíochtaí i gCill Chartha ag tús 2008 le 40 post, a bheidh lonnaithe i spás oifige sealadach atá cóirithe ag an Údarás dó. Tuigim chomh maith go bhfuil réamhchéimeanna tógtha ag an Údarás maidir le foirgneamh tionsclaíoch iomlán a chóiriú don gnó seo agus go bhfuiltear ar tí dul i mbun na hoibre athchóirithe sin anois. Tógfaidh an obair sin bliain nó mar sin le cur i gcríoch. Tá measta ag an Údarás go gcruthófar suas le 110 post sa chomhlacht nuair a bheidh sé faoi lán-seol.

Barr
Roinn