Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascálacha Bliantúla.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 December 2007

Tuesday, 18 December 2007

Ceisteanna (293, 294, 295)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

341 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil cóip de Thuarascáil Bhliantúil Bhord na Leabhar Gaeilge do na blianta 2004, 2005 agus 2006 ar fáil agus cathain a bheidh sé ag súil le Tuarascáil Bhliantúil 2007 a fháil, ar ghlac sé leis na tuarascálacha agus ar fhoilsigh an Bord iad ina dhiaidh sin, mar níl siad ar fáil ar an idirlíon, nó cathain a bheidh siad ar fáil. [35485/07]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

342 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a sheol Bord na Leabhar Gaeilge cóip nó dréacht de Thuarascálacha Bliantúla 2004, 2005 agus 2006 ar aghaidh chuig an Aire nó chuig a Roinn, agus cathain a d’fhaomhaigh an Bord an dréacht deireanach i ngach cás. [35486/07]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

343 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé orthu a bhfuil an fhreagracht as a chinntiú go ndéantar Tuarascálacha Bliantúla Bhord na Leabhar Gaeilge a fhoilsiú do gach bliain, cad iad na céimeanna a glacadh maidir le foilsiú Thuarascálacha Bliantúla an Bhoird, mar shampla dréacht, faomhadh srl, cén staid ag a bhfuil Tuarascálacha Bliantúla 2004, 2005 agus 2006 agus cathain a glacadh na cinntí éagsúla maidir leis na tuarascálacha. [35487/07]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna 341 go dtí 343 le chéile.

I dtús báire, ba mhaith liom a mhíniú don Teachta go bhfuil Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Airgeadais Bhord na Leabhar Gaeilge don bhliain 2004 leagtha faoi bhráid Tithe an Oireachtais ó 11 Eanáir 2007. Maidir leis na Tuarascálacha Bhliantúla do na blianta 2005 agus 2006, tuigim go bhfuil na dréacht-thuarascálacha do na blianta sin faomhtha ag an mBord féin ach go bhfuil na Ráitis Airgeadais a théann leo fós á bplé leis an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste. A luaithe agus a bheidh siad ar fáil, leagfar na Tuarascálacha mar aon leis na Ráitis Airgeadais faoi bhráid Tithe an Oireachtais. Beifear ag súil go mbeidh Tuarascáil agus Ráiteas Airgeadais don bhliain 2007 ar fáil go luath i 2008. Is ar an mBord go príomha atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil Tuarascálacha Bliantúla an Bhoird foilsithe do gach bhliain. Sin ráite, is féidir liom a dheimhniú go mbíonn monatóireacht leanúnach á dhéanamh ag mo Roinnse ar na nithe seo agus go mbíonn plé leanúnach ag oifigigh mo Roinne leis an eagraíocht lena cinntiú go gcomhlíontar na dualgais cuntasachta sa chás. Mar eolas don Teachta, tá cinneadh déanta feidhmeanna na heagraíochta seo a aistriú chuig Foras na Gaeilge le héifeacht ó dheireadh na bliana seo. Is ar Fhoras na Gaeilge, mar sin, a thitfidh an fhreagracht ó thús 2008 ar aghaidh chun na Tuarascálacha agus na Ráitis Airgeadais chuí a fhoilsiú.

Barr
Roinn