Tógfaidh mé Ceisteanna 341 go dtí 343 le chéile.
I dtús báire, ba mhaith liom a mhíniú don Teachta go bhfuil Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Airgeadais Bhord na Leabhar Gaeilge don bhliain 2004 leagtha faoi bhráid Tithe an Oireachtais ó 11 Eanáir 2007. Maidir leis na Tuarascálacha Bhliantúla do na blianta 2005 agus 2006, tuigim go bhfuil na dréacht-thuarascálacha do na blianta sin faomhtha ag an mBord féin ach go bhfuil na Ráitis Airgeadais a théann leo fós á bplé leis an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste. A luaithe agus a bheidh siad ar fáil, leagfar na Tuarascálacha mar aon leis na Ráitis Airgeadais faoi bhráid Tithe an Oireachtais. Beifear ag súil go mbeidh Tuarascáil agus Ráiteas Airgeadais don bhliain 2007 ar fáil go luath i 2008. Is ar an mBord go príomha atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil Tuarascálacha Bliantúla an Bhoird foilsithe do gach bhliain. Sin ráite, is féidir liom a dheimhniú go mbíonn monatóireacht leanúnach á dhéanamh ag mo Roinnse ar na nithe seo agus go mbíonn plé leanúnach ag oifigigh mo Roinne leis an eagraíocht lena cinntiú go gcomhlíontar na dualgais cuntasachta sa chás. Mar eolas don Teachta, tá cinneadh déanta feidhmeanna na heagraíochta seo a aistriú chuig Foras na Gaeilge le héifeacht ó dheireadh na bliana seo. Is ar Fhoras na Gaeilge, mar sin, a thitfidh an fhreagracht ó thús 2008 ar aghaidh chun na Tuarascálacha agus na Ráitis Airgeadais chuí a fhoilsiú.