Mar atá mínithe agam cheana sa Teach seo, tá ciste ar leith bunaithe agam chun maoiniú a chur ar fáil do shainchúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá an togra seo dírithe ar líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú, go mór-mhór i gcomhthéacs na Gaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach agus freisin i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Faoi dheireadh 2007, bhí tús curtha le 3 chúrsa faoin dtogra seo agus bhí 3 chúrsa eile á bhforbairt.
Maidir le forbairt Ollscolaíochta Gaeilge sa Ghaeltacht tá deontas ag leibhéal €2m sa bhliain ceadaithe do Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun cur ar a gcumas cúrsaí éagsúla ag leibhéal Dioplóma, Céime agus Máistreacht a chur ar fáil i 15 ábhar difriúil i n-ionaid éagsúla. Anuas ar seo glactar le iarratais ar dheontas faoi an scéim Áiseanna Pobail agus Caitheamh Aimsire ó institúid Oideachais i leith tograí infrastruchtúr a bheadh ar mhaithe leis an Teanga sa Ghaeltacht.