Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 September 2008

Wednesday, 24 September 2008

Ceisteanna (1101, 1102, 1103, 1104, 1105, 1106, 1107, 1108, 1109, 1110, 1111, 1112, 1113, 1114, 1115, 1116, 1117, 1118, 1119, 1120, 1121, 1122, 1123, 1124, 1125, 1126, 1127, 1128, 1129, 1130, 1131, 1132, 1133, 1134, 1135, 1136, 1137, 1138, 1139, 1140, 1141, 1142, 1143, 1144, 1145, 1146, 1147, 1148, 1149, 1150, 1151, 1152, 1153, 1154, 1155, 1156, 1157, 1158, 1159, 1160, 1161, 1162, 1163, 1164, 1165, 1166, 1167, 1168, 1169, 1170, 1171, 1172, 1173, 1174, 1175, 1176, 1177)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1193 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon leasú a thabhairt chun cinn chun a chinntiú go dtiocfaidh fógraíocht ó Ranna Stáit srl. faoi réim choinníollacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. [31368/08]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I dtús báire ba mhaith liom a mhíniú don Teachta nach bhfuil aon ghá le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun a chinntiú go dtiocfaidh fógraíocht faoin Acht ó tharla go bhfuil fógraíocht clúdaithe chéanna féin faoi alt 9(1).

Mar is eol don Teachta, tá dréacht-Rialacháin faoin Alt sin Alt 9(1) foilsithe agam le tamall anuas. Bhí deis agam na dréacht-Rialacháin a phlé arís leis an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíona, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an 18ú Meitheamh 2008 agus don uair dheireanach ar an 2 Iúil 2008. Ghlac an Comhchoiste leis na leasuithe a bhí molta agus tá i gceist agam na Rialacháin a dhéanamh go h-an-luath.

Clúdaíonn na dréacht-Rialacháin sin stáiseanóireacht, comharthaí agus fógraí béil réamh-thaifeadta. Tá cinneadh déanta agam nach mbeadh fógraíocht san áireamh iontu ag an bpointe seo mar nach bhfuilim sásta go bhfuil an obair bhaile atá riachtanach déanta go fóill. Sa chomhthéacs sin leag mé plé-pháipéar mar gheall ar fhógraíocht faoi bhráid baill an Chomhchoiste Oireachtais ar 2 Iúil 2008. Leag an plé-pháipéar amach roinnt roghanna maidir leis an cur chuige a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le fógraíocht. Mar a thug mé le fios an lá sin is plé pháipéar atá anseo a d'eisigh mé d'aon ghnó le díospóireacht a spreagadh mar go bhfuil cinntí le déanamh maidir leis na roghanna éagsúla a luaitear ann. Tá súil agam go mbeidh deis agam dul ós comhair an Comhchoiste arís réasúnta lua chun tuilleadh plé a dhéanamh ar an ábhar fíor thábhachtach seo. A luaithe agus a bheidh an plé sin thart déanfar measúnú ar an mbealach agus an cur chuige is fearr agus is éifeachtaí chun fógraíocht a chlúdach faoi Rialacháin a dhéanfaí faoi Alt 9(1). Is féidir liom a dheimhniú arís áfach go bhfuil i gceist agam rialacháin a dhéanamh maidir le fógraíocht amach anseo.

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1194 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón bPost, agus aontaithe aige leis. [31369/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1195 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chomhar Cultúra Éireann, agus aontaithe aige leis. [31370/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1196 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Ghrúpa Aer Lingus cpt, agus aontaithe aige leis. [31371/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1197 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Altranais, agus aontaithe aige leis. [31372/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1198 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Bia, agus aontaithe aige leis. [31373/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1199 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Pleanála, agus aontaithe aige leis. [31374/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1200 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Aer Rianta cpt, agus aontaithe aige leis. [31375/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1201 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Glas, agus aontaithe aige leis. [31376/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1202 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Uchtála, agus aontaithe aige leis. [31377/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1203 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón gComhairle Leabharlanna, agus aontaithe aige léi. [31378/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1204 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó FÁS, agus aontaithe aige leis. [31379/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1205 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón Údarás um Ard-Oideachais, agus aontaithe aige leis. [31380/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1206 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón nGníomhaireacht um Sheirbhís Phearsanta Thar Lear, agus aontaithe aige léi. [31381/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1207 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó na Boird Chomhpháirtíochta Limistéir, agus aontaithe aige leo. [31382/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1208 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Arramara Teoranta, agus aontaithe aige leis. [31383/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1209 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhith-Thaighde Éireann, agus aontaithe aige leis. [31384/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1210 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord Fáilte Éireann, agus aontaithe aige leis. [31385/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1211 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord Gáis Éireann, agus aontaithe aige leis. [31386/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1212 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Area Development Management Limited, agus aontaithe aige leis, agus cathain a bheidh an teideal Gaeilge mar ainm oifigiúil ar an gcomhlacht stáit seo de réir an ghnáthchleachtais sa Stát go dtí seo. [31387/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1213 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó na Boird Chomhpháirtíochta Limistéir, agus aontaithe aige leo. [31388/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1214 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord Iascaigh Mhara, agus aontaithe aige leis [féach 2332]. [31389/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1215 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord Iascaigh Mhara, agus aontaithe aige leis. [31390/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1216 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord na gCon, agus aontaithe aige leis. [31391/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1217 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord na Móna, agus aontaithe aige leis. [31392/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1218 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord na Radharcmhastóirí, agus aontaithe aige leis. [31393/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1219 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord Scannán na hÉireann, agus aontaithe aige leis. [31394/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1220 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann, agus aontaithe aige leis. [31395/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1221 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin, agus aontaithe aige leis. [31396/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1222 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhus Átha Cliath, agus aontaithe aige leis. [31397/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1223 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhus Éireann, agus aontaithe aige leis. [31398/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1224 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón gComhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint, agus aontaithe aige léi. [31399/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1225 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón bPríomh-Bhord Iascaigh agus ó na Boird Iascaigh Réigiúnacha, agus aontaithe aige leo. [31400/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1226 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBanc Ceannais agus ó Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, agus aontaithe aige leo. [31401/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1227 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Leabharlann Chester Beatty, agus aontaithe aige léi. [31402/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1228 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Choillte Teoranta, agus aontaithe aige leis. [31403/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1229 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Choiste an Asgard, agus aontaithe aige leis. [31404/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1230 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chomhairle na Nimheanna, agus aontaithe aige léi. [31405/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1231 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chomhairle na nOspidéal, agus aontaithe aige léi. [31406/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1232 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chomhar — An Chomhpháirtíocht Náisiúnta Forbartha Inmharthana, agus aontaithe aige leis. [31407/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1233 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón gCoimisiún um Rialáil Eitlíochta, agus aontaithe aige leis. [31408/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1234 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, agus aontaithe aige leis. [31409/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1235 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh, agus aontaithe aige leis. [31410/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1236 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chóras Iompair Éireann, agus aontaithe aige leis. [31411/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1237 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó na Boird Fiontar Contae, agus aontaithe aige leo. [31412/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1238 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann, agus aontaithe aige léi. [31413/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1239 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón nGníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime, agus aontaithe aige léi. [31414/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1240 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón gCoimisinéir Cosanta Sonraí, agus aontaithe aige leis. [31415/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1241 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón gComhairle Fiaclóireachta, agus aontaithe aige léi. [31416/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1242 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chláraitheoirí Ceantair Póstaí arna gceapadh faoi théarmaí alt 57 den Marriages (Ireland) Act 1844, agus aontaithe aige leo. [31417/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1243 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh, agus aontaithe aige leis. [31418/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1244 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Choimisiún Forbartha an Iarthair, agus aontaithe aige leis. [31419/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1245 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chomhairle Sláinte na mBan, agus aontaithe aige léi. [31420/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1246 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord Ceaintín na bhFórsaí Cosanta, agus aontaithe aige leis. [31421/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1247 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord an Lárionaid Cóireála Drugaí, agus aontaithe aige leis. [31422/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1248 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath, agus aontaithe aige leis. [31423/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1249 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, agus aontaithe aige leis. [31424/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1250 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus aontaithe aige léi. [31425/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1251 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath, agus aontaithe aige léi. [31426/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1252 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, agus aontaithe aige léi. [31427/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1253 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Bhord Soláthair an Leictreachais, agus aontaithe aige leis. [31428/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1254 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Comhairleach Fuinnimh, agus aontaithe aige leis. [31429/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1255 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Fhiontraíocht Éireann, agus aontaithe aige léi. [31430/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1256 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chomhairle na Seirbhísí Dóiteáin, agus aontaithe aige léi. [31431/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1257 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, agus aontaithe aige leis. [31432/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1258 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Fhorfás, agus aontaithe aige leis. [31433/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1259 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, agus aontaithe aige léi. [31434/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1260 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí), agus aontaithe aige leis. [31435/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1261 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin, agus aontaithe aige léi. [31436/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1262 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó na hÚdaráis Chuain de réir an Achta Cuanta 1946, agus aontaithe aige leo. [31437/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1263 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó na hÚdaráis Chuain de réir an Achta Cuanta 1946, agus aontaithe aige leo. [31438/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1264 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ó Chuideachtaí Cuain dá dtagraítear in alt 7 den Acht Cuanta 1996, agus aontaithe aige leo. [31439/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1265 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta, agus aontaithe aige leis. [31440/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1266 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón mBord Taighde Sláinte, agus aontaithe aige leis. [31441/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1267 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á lorg aige ón nGníomhaireacht um Fhostóirí Seirbhíse Sláinte, agus aontaithe aige léi. [31442/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1268 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na heagrais nua atá tar éis teacht faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó ritheadh an tAcht in 2003. [31443/08]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1269 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é staid na scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bhí le bheith aontaithe idir é féin agus na Ranna Stáit agus na hoifigí stáit seo a leanas (sonraí tugtha), ar aontaíodh na scéimeanna, an bhfuil siad ag feidhmiú nó cén chúis atá leis an moill leo. [31444/08]

Amharc ar fhreagra

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 1194 go dtí Uimh 1269 le chéile.

Ní miste a chur in iúl don Teachta go bhfuil gach eolas mar gheall ar na comhlachtaí a bhfuil iarrtha orthu scéimeanna teanga a aontú go dtí seo ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

Tá 83 scéim teanga, a chlúdaíonn 151 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe agam agus foilsithe ó tháinig an tAcht i bhfeidhm. Tá na scéimeanna sin uile ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga chomh maith. Sa bhreis ar sin, tá 33 scéim nua teanga eile, a chlúdaíonn 59 comhlacht poiblí, á n-ullmhú don chéad uair faoi láthair ag na gcomhlachtaí sin. Chomh maith le sin, tá fógraí faoi alt 15 den Acht eisithe agam chuig 22 comhlacht poiblí eile, a dtiocfaidh deireadh le tréimhsí ama a gcéad scéimeanna teanga i mbliana, ag iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú a scéime agus dréacht-scéim nua a ullmhú agus a thíolacadh chugamsa le daingniú. Fágann sé sin go bhfuil oifigigh mo Roinne ag plé le breis agus 50 scéim teanga faoi láthair. Ag tógáil san áireamh an dul chun cinn a dhéanfar i rith na bliana seo maidir leis na 50 dréacht-scéim teanga sin, tá i gceist agam cinneadh a dhéanamh amach anseo maidir le líon agus sonraí na gcomhlachtaí poiblí a n-iarrfar orthu a gcéad dréacht-scéim a n-ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú sna tréimhsí amach romhainn. Fógrófar ainmneacha na gcomhlachtaí poiblí sin nuair a dhéanfar cinneadh ina leith sin ó am go ham.

Tá na heagrais nua atá tar éis teacht faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó ritheadh an tAcht in 2003 forordaithe sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006). Ní miste dom a lua go bhfuil roinnt eagraíochtaí nach bhfuil ann níos mó luaite ag an Teachta ina chuid Ceisteanna — tá sonraí faoi seo ar fáil chomh maith sna Rialacháin céanna. Is ‘Pobal' an teideal atá anois ar an gcomhlacht a bhí ainmnithe mar Area Development Management roimhe seo.

Maidir le Ceist Uimh —, tá scéim aontaithe agam leis an gcuid is mó de na comhlachtaí a luann an Teachta agus tá said ag feidhmiú faoi láthair. Ní thuigim, mar sin, dearcadh atá á léiriú ag an Teachta sa Cheist ach ní fheicim gur féidir níos mó a rá ar thaifead an Tí i gcomhthéacs Ceiste atá curtha síos ar bhonn ‘sonraí tugtha'.

Barr
Roinn