Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoláireachta Gaeilge Tríú Leibhéal.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 October 2008

Wednesday, 15 October 2008

Ceisteanna (90)

Brian O'Shea

Ceist:

90 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na moltaí atá aige chun déileáil leis na cúiseanna imní atá ag grúpa tuismitheoirí as Gaeltacht Chonamara faoi scéim scoláireachtaí do mhic léinn ón nGaeltacht (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35151/08]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh i rith na bliana acadúla seo chugainn ar na trí scéimeanna scoláireachta Gaeilge tríú leibhéal atá ann faoi láthair, d'fhonn a n-éifeacht maidir le comhlíonadh a gcuspóirí a mheas. Machnófar raon ceisteanna, téarmaí agus coinníollacha na scéimeanna ina measc, i gcomhthéacs an athbhreithnithe seo.

Barr
Roinn