Aengus Ó Snodaigh
Ceist:94 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé i gceist sa chinneadh nua a d’fhógair sé maidir le haitheantas a thabhairt do scoileanna úra, gur i gceantair fáis/forbartha amháin a bheidh siad, agus an dtuigeann sé go mbeadh a leithéid de pholasaí ag teacht salach ar an gcleachtas go dtí seo aitheantas a thabhairt do Ghaelscoileanna úra nuair atá an líon cuí daltaí acu, mar chuid de dhualgas an stáit i leith oideachais trí Ghaeilge a bheith ar fáil nuair atá éileamh air. [35173/08]
Amharc ar fhreagra