Mar is eol don Teachta, is go príomha ar mhaithe le heagraíochtaí deonacha, coistí pobail agus a leithéidí a chuirtear cúnamh ar fáil ó Chiste na Gaeilge chun a chumasú dóibh an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun a gclár oibre a chur i gcrích. Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar cheann de na eagraíochtaí sin a mhaoinítear go bliantúil tríd an Chiste, eagraíocht atá go láidir as son na Gaeilge a chur chun cinn taobh istigh den eagraíocht féin agus tríd na himeachtaí a eagraíonn sí. Is i gcomhthéacs Plean Forbartha Réigiúnach an Chomhaltais atá an t-airgead sonrach a luann an Teachta á chur ar fáil.
Bíonn ar eagraíochtaí a mhaoinítear faoin gCiste gcoinníollacha áirithe a chomhlíonadh — ina measc, plean gnó agus airgeadais bliantúil agus cuntais iniúchta bhliantúla a chur ar fáil do mo Roinnse. Déantar cinneadh maidir leis an soláthair airgid a chuirtear ar fáil d'aon eagraíocht i gcomhthéacs phlean gnó na heagraíochta don bhliain sin agus do bhlianta dá éis, na héilimh éagsúla a fhaightear, tosaíochtaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na teanga agus go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil faoin gCiste chun freastal ar na héilimh éagsúla sin.