Ruairí Quinn
Ceist:258 D’fhiafraigh Deputy Ruairí Quinn den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na beartais chomhoibrithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas tabhairt fúthu i dtaca leis an Roinn Oideachais ó thuaidh, maidir le cúrsaí gaelscolaíochta ar bhonn uile-Éireann; an mbeidh taighde uile-Éireann ar an luath-thumoideachas mar chuid de na beartais thuaidh-theas sin; an mbeidh beartas uile-Éireann maidir le haitheantas a thabhairt d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i gceantair ina mbíonn ar a laghad dhá ghaelscoil fhriothálacha ann le freastal orthu, mar atá molta i dtuairisc an Choimisiúin um Chóiríocht Scoileanna, 2004, san áireamh sna beartais thuaidh-theas sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44239/08]
Amharc ar fhreagra