Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Béaltriail Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 February 2009

Thursday, 26 February 2009

Ceisteanna (40)

Dinny McGinley

Ceist:

37 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil moltaí faighte aige ón CNCM i dtaobh chur i bhfeidhm struchtúr nua don bhéaltriail Ghaeilge i scrúdú na hardteistiméireachta agus an teastais shóisearaigh; má tá, an bhfuil impleachtaí sna moltaí sin do na hathruithe atá molta sa chóras marcála don Ghaeilge sna scrúduithe sin atá le cur i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair 2009 i leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7892/09]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Táim tar éis moladh na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a fháil maidir le himpleachtaí an chinnidh na marcanna don bhéaltriail i nGaeilge insna scrúduithe teastais a mhéadú go dtí 40% do na hiontrálaithe nua uile a thosaigh a gcuid iarbhunscolaíochta i 2007. Ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, níl athruithe sa siollabas molta os rud é go gcuireann an clár béim láidir ar labhairt na teanga agus ar inniúlacht chumarsáide. Tá roinnt athruithe molta i bhformáid na scrúdaithe. Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag iniúchadh an mholta seo agus tá sé ag ullmhú sonraíochta athbhreithnithe don bhéaltriail dheonach, agus ag ullmhú páipéar samplach athbhreithnithe lena n-eisiúint do scoileanna ag tosach na scoilbhliana 2009/10.

Ag leibhéal na hArdteistiméireachta, táthar tar éis moladh na Comhairle a fháil chomh maith. Tá athruithe ar fhormáid agus ar fhad na scrúduithe molta agus tá an Chomhairle ag coinne le hathruithe sa siollabas a bheith ag teastáil chomh maith. Tá obair ag dul ar aghaidh ar an siollabas laistigh de struchtúir na Comhairle faoi láthair le súil go mbeidh sí críochnaithe ag deireadh Bhealtaine 2009. Beidh feidhm ag na hathruithe seo ag scrúdú na hArdteistiméireachta 2012.

Tríd is tríd, tá cúraim áirithe curtha in iúl ag an gComhairle maidir leis an ualú athraithe don mheasúnú béil, cluastuisceana agus scríofa, cúraim a bhain leis an ualú seo gan a bheith i gcomhréir leis na nuatheangacha eile ar an gcuraclam ná leis an gcleachtas idirnáisiúnta. Tá raon tuairiscí, áfach, tar éis béim a chur ar an riachtanas le bearta suntasacha a chur i gcrích chun láidriú le húsáid na Gaeilge chun críoch cumarsáide insan phobal. Níl aon easpa fianaise ann go mbíonn tionchar mór ag an saghas measúnaithe atá ann ar an rud a mhúintear agus ar an mbealach ina múintear é insna scoileanna, agus ba cheart go misneodh na marcanna méadaithe do na béaltrialacha béim níos mó ar inniúlacht bhéil sa rangsheomra. Táthar tar éis seirbhís tacaíochta a bhunú chun cabhrú le scoileanna agus iad ag cur na modhanna athbhreithnithe do mhúineadh na Gaeilge i bhfeidhm.

Creidim go bhfuil sé riachtanach go mbeadh athruithe measúnaithe ann chun athrú béime i dtreo na Gaeilge mar theanga labhartha a chur chun cinn, má táimid chun an Ghaeilge a choinneáil mar theanga beo pobail. Pléifidh oifigigh de chuid mo Roinne na ceisteanna atá ardaithe a thuilleadh leis an gComhairle agus le Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Barr
Roinn