Bhí oll-sholáthar airgid don bhForas Teanga san áireamh sna meastacháin do mo Roinnse a fógraíodh mar chuid de Cháinaisnéis 2009 ar 14 Deireadh Fómhair 2008. Ar mhaithe le cruinneas, ní miste a shoiléiriú nár fograíodh buiséad aontaithe d'Fhoras na Gaeilge mar atá le tuiscint ón gCeist atá curtha ag an Teachta.
Is amhlaidh gur pléadh dréacht-bhuiséid agus pleananna gnó don dá áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga ag cruinniú den Chomh-Aireacht Thuaidh/Theas in Inis Ceithleann ar 16 Eanáir seo caite. Ag an gcruinniú sin, aontaíodh, mar chuid den phlé sin, ar na príomh-thosaíochtaí Aireachta don dá áisíneacht, faoi réir chúinsí bhuiséid sa dá dhlínse. Táthar ag súil leis go n-aontófar na buiséid agus na phleananna gnó go foirmiúil ag an gcéad cruinniú Comh-Aireachta eile sa réimse teanga.
Ó thaobh mo Roinne féin de, beidh na soláthair airgeadais críochnaitheacha do 2009 san áireamh mar chuid den Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe a fhoilseofar ar ball.