Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Deontas do Thogra.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 March 2009

Tuesday, 10 March 2009

Ceisteanna (294)

Dinny McGinley

Ceist:

320 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ar dheontas do thogra (sonraí tugtha), cén dáta ar fhrítheadh an t-iarratas ina Roinn, an bhfuil sé scrúdaithe ag a Roinn, an bhfuil deontas molta go fóill, méid an deontais atá molta, cén uair a íocfar an deontas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10136/09]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug me ar Cheist Uimh 122 uaidh den 21 Feabhra 2008. Comhairlítear dom go bhfuil an cás scrúdaithe ina iomláine ag m'oifigigh anois. Tuigfidh an Teachta, áfach, de bharr na gcúinsí eacnamaíochta reatha, nach bhfuil cinnteacht ann ag an am seo maidir leis an soláthar airgid a bheidh ar fáil do na scéimeanna éagsúla Gaeltachta atá á reachtáil ag mo Roinnse. Sa chomhthéacs sin, ní bheidh sé ar mo chumas cinneadh a dhéanamh í láthair na huaire.

Barr
Roinn