Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na mBóithre Áise.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 October 2009

Tuesday, 6 October 2009

Ceisteanna (22)

Dinny McGinley

Ceist:

120 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéid iarratas a fuarthas ina Roinn de bharr na dtuilte a tharla i nGaoth Dobhair, i mí Meithimh seo caite, cé mhéid acu atá ceadaithe go dtí seo, cé mhéid den obair atá déanta, cé mhéid airgid atá ceadaithe agus íoctha, an mbeidh breis airgid á cheadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34307/09]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (10 píosaí cainte)

Fuair mo Roinnse 114 iarratas ar chúnamh deontais ag eascairt as damáiste a rinne tuilte i nGaoth Dobhair níos luaithe i mbliana.

Go dáta, tá 18 de na hiarratais sin cáilithe ag mo Roinnse faoi Scéim na mBóithre Áise. Tá deontas de €87,000 ceadaithe agam i leith 15 cinn díobh seo a bhfuil meastacháin faighte ina leith agus tuigim go gcuirfear tús leis an obair dheisiúcháin ar na bóithre seo go luath. Maidir leis an trí iarratas eile atá cáilithe, tá mo Roinn ag fanacht le meastacháin ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ar oibreacha deisiúcháin ar dhroichid ar na bóithre seo. Déanfar cinneadh maidir le deontais a cheadú sna cásanna seo ach na meastacháin sin a bheith curtha ar fáil.

Tá iarratais eile a bhféadfadh a bheith cáilithe faoin scéim agus déanfar cinneadh fúthu siúd chomh luath agus is féidir.

Maidir leis na deontais atá ceadaithe, déanfar íocaíocht leis an gComhairle Contae ach deimhnithe cuí a bheith faighte go bhfuil na hoibreacha deisiúcháin déanta chun sástacht mo Roinne.

Gabhaim buíochas leis an Aire as an méid eolais atá tugtha aige, go bhfuil €87,000 ceadaithe le haghaidh 15 cinn de na bóithre áise.

Rinneadh damáiste mór de bharr na dtuilte agus tá sé beagnach ceithre mhí ó tharla sin. Bhí an tAire agus an Tánaiste agus mé féin ansin cúpla lá ina dhiaidh sin agus bhí lúcháir orainn go raibh deis ag an Aire a fheiceáil cé chomh holc agus a bhí cúrsaí. Dé bharr chuairt an Aire, cuireadh 125 iarratas isteach chuig an Roinn agus ní raibh ag muintir na háite ach seachtain chun sin a dhéanamh. Rinneadh dóchar do thalamh na ndaoine seo, do na bóithre agus do na droichid. Tá 15 ceadaithe anois ach tá 110 eile nach bhfuil ceadaithe go fóill. An bhfuil sé i gceist ag an Aire agus ag an Roinn aon rud a dhéanamh faoin 110 iarratas nach bhfuil ceadaithe go fóill?

Is cosúil go bhfuair mo Roinn 114 iarratas, sin an t-eolas atá agam agus glacaim leis go bhfuil sé cruinn. Tá os cionn 60 acu seo nach bhfuil cáilithe ar chor ar bith, agus beimid ag scríobh chuig na daoine sin go luath chun sin a chur in iúl. I gcuid de na hiarratais bhí bóithre comhairle contae i gceist agus níl siad cáilithe faoi Scéim na mBóithre Áise. Ansin, bhí iarratas amháin a bhain le talamh príomháideach, rud eile nach mbaineann leis an scéim.

Ar an lá a bhí muid thíos, dúirt mé gur iarratais faoi Scéim na mBóithre Áise a bheadh i gceist. Má thógtar an 18 iarratas atá measúnaithe déanta, tá fadhb leis na droichid — caithfidh na háitreabhaigh cead a fháil faoin Acht Siltin Airtéirigh 1945 sular féidir na droichid a dheisiú agus tá meastacháin ag freastal freisin. Sin 18 ó 114, agus fágann sin níos lú ná céad. Bainfear 60 eile as sin fosta mar sin tá níos lú ná 40 go gcaithfear measúnú agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad cáilithe. D'fhéadfadh cuid den 40 sin bheith cáilithe.

Nuair a bhí an tAire ansin, rinne sé, mé féin agus daoine eile scrúdaithe ar pháirceanna agus ar an fhéar a bhí loite ag na tuilte, talamh agus féar a bhfuil feirmeoirí ag brath orthu lena gcuid stoc a chothú. Más cuimhin liom, dúirt an tAire go bhféadfaí b'fhéidir cúiteamh éigin a thabhairt do na feirmeoirí. Tharla rud éigin cosúil leis sin in iarthar na hÉireann, i Maigh Éo nó áit éigin, cúpla bliain ó shin. An bhfuil scrúdú déanta ag an Aire ar chás na bhfeirmeoirí agus an bhfuil aon chúnamh gur féidir a thabhairt dóibh chun bia a cheannach do na hainmhithe fá choinne an gheimhridh atá buailte orainn i láthair na huaire?

Shíl mé go bhfuair an Teachta cóip de na nótaí a tugadh dom an t-am sin. Scríobhadh ansin má bhí cruatán i gceist do dhuine ar bith le rud éigin príobháideach, ba cheart don duine sin dul chuig an community welfare officer agus cúnamh a iarraidh uaidh. Rinne mé soiléir an lá sin go raibh mé ag caint faoi bhóithre áise agus faoi Scéim na mBóithre Áise go ndéanfaimis na bóithe nach bóithre comhairle contae iad a athchóiriú agus sin atá á dhéanamh. Aon iarratas nach mbaineann le bóthar áise, níl sé incháilithe faoin scéim a d'fhógair mé an lá sin. Má bhreathnaíonn daoine ar na foirmeacha feicfidh siad gur mar sin atá. Foirmeacha bóithre áise a cuireadh amach.

An bhfuil aon fhoinse cuidithe eile ann? Má thugann an tAire an t-eolas dom, déanfaidh mé féin an chuid eile den obair.

The community welfare officer. Má tá cruatán ar dhaoine mar gheall ar rud mar seo, dúradh sa cháipéis a scaipeadh ag an am gurb shin an dream ar cheart dul chuige, agus go bhféadfadh sé breathnú ar exceptional needs payment.

Cé atá chun an talamh a ghlanadh agus na clocha a thabhairt as? Cé a dhéanfaidh sin?

Cuirfidh mé cóip de na nótaí a bhí sa doiciméad ag an am chuig an Teachta.

Barr
Roinn