Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 129, 131 agus 150 le chéile.
Faoi mar is eol don Teachta, tá obair idir lámha faoi choimirce an Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht maidir le Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a ullmhú. Sa chomhthéacs ginearálta sin, táthar ag déanamh scrúdú ar na saincheisteanna a thagann chun cinn — ceist na Gaeltachta san áireamh — i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí atá sa Tuarascáil a d'eascair ón Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Beidh an Straitéis féin le haontú ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sula gcuirfear os comhair an Rialtais é. Táthar ag súil leis go nglacfar na céimeanna cuí chuige sin go luath.