Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilseacháin sa Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 October 2009

Tuesday, 6 October 2009

Ceisteanna (60)

Dinny McGinley

Ceist:

145 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a bheidh nuachtán Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge arís; agus an féidir leis a gheallúint anois, agus an spriocdháta d’iarratais ar an deontas nua thart, nach gcuirfear aon mhoill ar chinneadh luath a dhéanamh. [33659/09]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is é Foras na Gaeilge a chuireann an maoiniú ar fáil chun nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú. Tuigim ón bhForas gur fógraíodh comórtas nua le gairid agus go bhfuarthas roinnt iarratais faoin spriocdháta den 4 Meán Fómhair 2009. Tá na hiarratais sin á mheas faoi láthair agus comhairlítear dom go bhfuil sé i gceist agallaimh a chur ar na hiarrthóirí is fearr, bunaithe ar na hiarratais scríofa. Tá súil ag an bhForas moladh a chur faoi bhráid Bhord na heagraíochta i mí na Samhna.

Tá Foras na Gaeilge tiomanta do nuachtán seachtainiúil Gaeilge a bheith ar fáil do phobal na Gaeilge agus, sna cúinsí sin, tuigtear dom go ndéanfar an cinneadh sa chás seo chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn