Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 October 2009

Tuesday, 6 October 2009

Ceisteanna (706, 707, 708, 709, 710, 711)

Dinny McGinley

Ceist:

798 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil moladh an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais maidir le scéimeanna tacaíochta d’áiseanna spóirt, pobail agus cultúrtha á mheas ina Roinn faoi láthair agus an bhfuil sé ar intinn aige iad a choinneáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33626/09]

Amharc ar fhreagra

Dinny McGinley

Ceist:

799 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an tionchar a bheidh ag an mholadh ón nGrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais laghdú de €1 mhilliún a dhéanamh ar chiste na Gaeilge agus cén tionchar a bheidh ag laghdú dá leithéid ar na heagraíochtaí Gaeilge. [33627/09]

Amharc ar fhreagra

Dinny McGinley

Ceist:

800 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil na moltaí ón nGrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais maidir le deireadh a chur le scéimeanna bóthair, céanna, oileán agus soláthair uisce á mheas ag a Roinn; an bhfuil sé ar intinn na scéimeanna a choinneáil nó cuid acu a chur ar ceal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33628/09]

Amharc ar fhreagra

Dinny McGinley

Ceist:

801 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an moladh ón nGrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais maidir le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, agus scéim dheontais na mná tí, á scrúdú ag a Roinn faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33629/09]

Amharc ar fhreagra

Dinny McGinley

Ceist:

802 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an ceangal idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontar Éireann chomh fada is a bhaineann le fostaíocht Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33630/09]

Amharc ar fhreagra

Brian O'Shea

Ceist:

819 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an féidir leis gealltanas a thabhairt nach gcuirfear scéimeanna Labhairt na Gaeilge agus na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar ceal (sonraí iniata); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34366/09]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 798 go dtí 802, agus 819 le chéile.

Beidh na hábhair atá luaite ag na Teachtaí le breithniú ag leibhéil an Rialtais, ní hamháin i gcomhthéacs na Cáinaisnéise 2010, ach freisin i gcomhthéacs na hoibre atá idir lámha ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i ndáil leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Question No. 803 answered with Question No. 792.
Barr
Roinn