Mar atá ráite agam sa Teach roinnt uaireanta, is léargas iad na moltaí atá déanta i dTuarascáil an Ghrúpa Speisialta um Líon Foirne agus Cláir Chaiteachais na Seirbhíse Poiblí ar shraith roghanna atá á mbreithniú ag an Rialtas i gcomhthéacs Cháinaisnéis 2010. Tá sé fógartha go maith go gcaithfidh muid cúngú dáiríre a dhéanamh ar an mbearna idir ioncam agus caiteachas sna cistí poiblí. Chuir an Tuarascáil ón nGrúpa Speisialta réimse leathan bearta ar fáil le go bhféadfaidh an Rialtas breithniú a dhéanamh orthu. Mar is eol don Teachta, molann an tuarascáil réimse coigiltis i dtaca le feidhmeanna éagsúla de chuid mo Roinnse. Chuige sin, molann sí fáil réidh le roinnt scéimeanna nó iad a laghdú agus déanann sí moltaí sonracha freisin i dtaca le gníomhaireachtaí a thagann faoi choimirce mo Roinnse agus, go deimhin, i dtaca leis an Roinn féin. É sin ráite, ní chreidim go mbeadh sé oiriúnach domsa plé a dhéanamh líne ar líne faoi na moltaí éagsúla atá sa Tuarascáil ón nGrúpa Speisialta, go háirithe mar gheall ar an obair atá ar bun ag an Rialtas faoi láthair chun an Cháinaisnéis a chur le chéile.