Reachtáladh an toghchán deireanach d'Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás, ní mór an chéad toghchán eile a reachtáil am éigin sa tréimhse idir 1 Aibreán 2009 agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Mar is eol don Teachta, tá moltaí éagsúla maidir leis an nGaeilge agus an nGaeltacht á bplé ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcomhthéacs na Tuarascála ón Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá á hullmhú i láthair na huaire. Sna cúinsí sin, níl sé i gceist agam cinneadh a thógáil ag an bpointe seo maidir le dáta don chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta.