Tá sé riachtanach laghduithe suntasacha a dhéanamh i gcaiteachas buiséadach insna blianta le teacht. Machnófar leibhéil caiteachais mo Roinnese mar chuid den phróiseas Meastacháin agus buiséadach do 2010. Áireofar anseo machnamh ar Thuarascáil an Ghrúpa Speisialta um Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais, agus is gnó don Rialtas iad na cinntí faoi na nithe go léir a éireoidh as sin.
Táim feasach faoi luach na hoibre a dhéanann COGG. Ní bheadh sé cuí dhomsa trácht a thuilleadh ar an gceist ag an dtráth seo ag feitheamh ar thoradh na bpróiseas breithniúcháin seo.