Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

State Agencies.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 February 2010

Thursday, 18 February 2010

Ceisteanna (21)

Eamon Gilmore

Ceist:

16 D’fhiafraigh Deputy Eamon Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil nascadh foirmeálta idir Údarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta i bhfeidhm anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8360/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá nasc foirmeálta idir Údarás na Gaeltachta agus MFG Teo cheana sa mhéid is go bhfuil ceathrar comhalta agus feidhmeannach amháin ag an Údarás ar Bhord MFG Teo. Mar chuid de phróiseas chun a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta agus MFG Teo araon á gcur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí maidir le seirbhísí a sheachadadh do phobal na Gaeltachta agus luach ar airgead a thabhairt, shocraigh mé na cúraimí a bhí ar MFG Teo i ndáil leis an Scéim Shóisialta Tuaithe sa Ghaeltacht a aistriú go dtí Údarás na Gaeltachta i mí Iúil 2009.

I láthair na huaire, tá athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ag mo Roinnse ar na socruithe reatha atá i bhfeidhm maidir le struchtúr agus maoiniú na n-eagraíochtaí difriúla atá ag plé le gnéithe éagsúla den fhorbairt pobail sa Ghaeltacht, ar a n-áirítear ach go háirithe an fhorbairt pobail féin, an fhiontraíocht phobail, an cuimsiú sóisialta agus an phleanáil teanga. Tá ról MFG Teo i ndáil leis na gníomhaíochtaí seo sa todhchaí á meas sa chomhthéacs seo.

Barr
Roinn