Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 18, 20, agus 27 le chéile.
Mar is eol do na Teachtaí, tá an dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas agus curtha os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breithniú.
Tuigim gur pléadh an dréacht-Straitéis ag cruinniú den Chomhchoiste ar 20 Eanáir 2010, nuair a tugadh cuireadh d'eagraíochtaí áirithe Gaeilge a dtuairimí a chur in iúl. Tuigim freisin go mbeidh cruinniú eile den Chomhchoiste á tionól i nGaeltacht na Gaillimhe ar 26 Feabhra agus go bhfuil cuireadh tugadh d'eagraíochtaí Gaeltachta teacht os a chomhair.
Is é mo thuairim ná gur céim shuntasach eile í seo sa phróiseas leathan comhairliúchán atá curtha ar bun maidir leis an dréacht-Straitéis seo. Go dtí seo, reáchtáladh dhá shraith de chruinnithe poiblí ar fud na tíre, chomh maith le suirbhé ar-líne agus teagmhálacha díreacha le páirtithe leasmhara sna hearnálacha poiblí agus deonacha. Tuigtear dom gur féidir teagmháil a dhéanamh leis an gComhchoiste go díreach má tá tuairimí nó moltaí ag eagraíochtaí nó daoine maidir leis an dréacht-Straitéis.
Mar a thuigfidh na Teachtaí, go dtí go mbeidh an próiseas breithnithe tugtha chun críche ag an gComhchoiste, ní bheadh sé cuí domsa aon chinneadh a ghlacadh maidir le leasuithe ar an dréacht-Straitéis a mheas, ná clár ama a shonrú maidir le foilsiú na Straitéise féin.