Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aitheantas Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 March 2010

Tuesday, 30 March 2010

Ceisteanna (364, 365)

Brian O'Shea

Ceist:

423 D’fhiafraigh Deputy Brian O’Shea den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Eolaíochta céard a dhéanfaidh sí faoin gcáineadh a rinne Gaelscoileanna Teo (sonraí iniata) ar an Aire; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13770/10]

Amharc ar fhreagra

Caoimhghín Ó Caoláin

Ceist:

438 D’fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh sí achomharc in aghaidh an chinnidh a rinne a réamhtheachtaí mar Aire nach n-osclófar aon ghaelscoil nua i 2010; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13851/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaigh mé Ceisteanna 423 agus 438 le chéile.

Tá ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na céad teanga oifigiúla. Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais. Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas — 17 ar fad ó 2005 i leith.

B'fhéidir go bhfuil sé le fios ag an Teachta go bhfuil an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna ag athbhreithniú faoi láthair na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú. Nuair a d'fhógair mo réamhtheachtaí go raibh an t-athbhreithniú á thosnú dúirt sé nach mbunófaí bunscoileanna nua ar bith sula mbeadh an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus nósanna imeachta nua curtha ar bun, ach amháin in áiteanna inar cheart scoileanna nua de bharr fás a bheith tagtha ar an daonra. De réir na socruithe eatramhacha atá i bhfeidhm maidir le haitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua fad is atá an t-athbhreithniú ar na nósanna imeachta ar siúl, is cóir do Chathaoirleach an Choimisiúin um Chóiríocht Scoileanna comhairle a chur ar an Aire i gcásanna ina gcuireann níos mó ná pátrún amháin in iúl gur mian leis scoileanna a oscailt in áiteanna inar gá scoileanna nua de bharr fái a bheith tagtha ar an daonra.

Tá staidéar mar gheall ar an tír déanta ag an Rannóg Pleanála Chun Cinn chun a fháil amach céard iad na ceantair inar fhéadfadh gá a bheith le cuid mhaith cóiríocht breise insna blianta amach romhainn. Thug an staidéar seo le fios nach raibh gá ar bith le scoileanna nua sa scoilbhliain 2009/10 de bharr athruithe a bheith tagtha ar an daonra. Ní hionann sin is a rá nár tháinig méadú ar an gcohórt freastal scoile i gceantair áirithe. Tar éis na hanailíse mionsonraithe seo ba léir go mba chríonna an rud é pleanáil a dhéanamh do bhunú scoileanna nua, a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010, chun riar ar éileamh méadaitheach i gceantair sainaitheanta áirithe. Bhí comhairliúchán mionsonraithe ann i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis na ceantair a bhí á machnamh. I gcás formhór na gceantar seo ba í tuairim lucht na gluaiseachta Gaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise ar sholáthar lán-Ghaelach chun údar maith a bheith le bunú Gaelscoile nua.

Rinneadh iarratas sainiúil ar bhunú Gaelscoile i Ráth Tó, Co na Mí. Tar éis anailíse mionsonraithe ar an mhéadú i líon na ndaltaí i Meán Fómhair na bliana seo, agus ar chumas na scoileanna atá ann, áfach, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás deimeagrafach. Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an mhéadú réamh-mheasta deimeagrafach i Meán Fómhair 2010. Déanfar athbhreithniú ar an scéal roimh Mean Fómhair 2011 ag tógaint cúrsáí riachtanais san áireamh agus taréis dul i gcomhairle leis na comhluchtaí patrúnachta.

Barr
Roinn