Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na hOileáin.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 April 2010

Thursday, 1 April 2010

Ceisteanna (48)

Dinny McGinley

Ceist:

48 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil aon iarratas faighte ina Roinn maidir le soilse poiblí a chur ar fáil ar na céanna ar na hOileáin seo, Inis Oirthir, Gabhla, an tOileán Rua, Inis Meáin, Oileán Uaighe agus Inis Caorach, cad é costas measta na soilse agus an gcuirfidh sé an t-airgead ar fáil leis na soilse a thógáil, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh. [14061/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá iarratas faighte ag mo Roinn le gairid ó Ancaire, Comharchumann na nOileán Beag i gContae Dhún na nGall, chun deontas a cheadú i gcomhar soilse poiblí a chur ar fáil ar na céanna atá luaite ag an Teachta. Tá costas measta de €84,500 tugtha i leith na hoibre seo. Déanfar an t-iarratas seo a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil ag mo Roinn i gcomhar feabhsúcháin den chineál seo in 2010, ag tógáil san áireamh geallúintí agus tosaíochtaí atá ar láimh cheana.

Barr
Roinn