Faoi mar is eol don Teachta, tá an dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas agus tá sí faoi láthair idir chamáin ag an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breithniú. Tuigtear dom go bhfuil an Comhchoiste ag déanamh scrúdú ar na saincheisteanna éagsúla atá tagtha chun cinn — ceist na Gaeltachta san áireamh. Tá mé ag súil le tuairisc ón gComhchoiste in am tráth.
Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas críochnaithe ag an gComhchoiste agus an Straitéis críochnúil glactha ag an Rialtas, níl sé ar mo chumas aon chinneadh a ghlacadh i ndáil le reachtaíocht maidir le sainmhíniú ná teorainneacha na Gaeltachta.