Tá sé ar intinn agam Ceisteanna Uimh. 399 agus 400, a fhreagairt le chéile.
Tá an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna chun tuairisc a chur faoi mo bhráid go gairid maidir leis an athbhreithniú ar na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú. I measc na gceisteanna atá faoi chaibidil mar chuid den athbhreithniú tá tábhacht na Gaeilge, ceist na héagsúlachta agus an chaoi ina bhfuil an Ghaeilge ina bealach chun éagsúlacht a chur ar fáil. Tar éis don tuairisc a bheith ullmhaithe beidh orm ceisteanna polasaí agus socruithe riachtanacha a bhreithniú agus a chinneadh céard iad na nósanna imeachta úra a bheidh le cur ar bun. Breithneofar sa chomhthéacs seo caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge trí Ghaelscoileanna a bhunú. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na gcéad teanga oifigiúil. Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais. Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas — 17 ar fad ó 2005 i leith.
Tá staidéar ar an dtír déanta ag Rannóg Pleanála Chun Cinn mo Roinnse chun a fháil amach céard iad na ceantair ina bhféadfadh gá a bheith le cuid mhaith cóiríocht breise de bharr athruithe deimeagrafacha insna blianta amach romhainn. I ndiaidh na mionanailíse seo ba léir gur den chríonnacht é pleanáil chun scoileanna nua a bhunú a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010 chun freastal ar an éileamh méadaitheach i gceantair shainaitheanta áirithe. Rinneadh pléanna mionsonraithe i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis na ceantair a bhí faoi chaibidil. Maidir leis an gcuid is mó de na ceantair seo ba é tuairim ghluaiseacht na nGaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise ar sholáthar trí Ghaeilge chun bunú Gaelscoile nua a bharántú.
Rinneadh iarratas sainiúil ar Ghaelscoil nua a bhunú i Ráth Tó, Co na Mí. Ach tar éis anailíse mionsonraithe ar an méadú ar líon na ndaltaí i Meán Fómhair i mbliana agus ar chumas na scoileanna atá ann cheana, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás deimeagrafach. Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamh-mheasta deimeagrafach i Meán Fómhair 2010. Athbhreithneofar an cás seo roimh Mheán Fómhair 2011 i bhfianaise na riachtanas agus na bpléanna leis na comhlachtaí pátrúnachta.