Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 76 agus 80 le chéile.
Mar is eol don Teachta, tá an dréacht-Straitéis 20 Bliain don nGaeilge foilsithe ag an Rialtas agus curtha os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breithniú. Tuigim go bhfuil an Comhchoiste tar éis roinnt cruinnithe a thionól le grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta chun deis a thabhairt dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl. Tá mé ag súil le toradh an phlé a rinne an Comhchoiste a fháil in am tráth. Sa chomhthéacs sin, níor thionóladh aon chruinniú don Choiste Rialtais i 2010 go dáta.
Maidir leis an gceist faoi dhíospóireacht a bheith sa Dáil faoin Straitéis, cé go mbeinn lán-oscailte dá leithéid, tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur gnó é sin don Dáil féin.