Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 May 2010

Tuesday, 11 May 2010

Ceisteanna (46)

Jan O'Sullivan

Ceist:

84 D’fhiafraigh Deputy Jan O’Sullivan den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim atá aontaithe anois faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [19024/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá 101 scéim teanga céaduaire, a chlúdaíonn 186 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla ó tháinig an tAcht i bhfeidhm i 2003. Anuas ar sin, tá 30 céadscéim teanga céaduaire eile, a chlúdaíonn 35 comhlacht poiblí, á n-ullmhú. Ní miste dom a rá chomh maith go bhfuil 9 dara scéim teanga daingnithe faoi alt 15 den Acht go dtí seo agus go bhfuil fógra eisithe chuig 56 comhlacht eile faoi alt 15 den Acht ag ceangal orthu dréacht dara scéim teanga a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú.

Tá plé leanúnach ar siúl idir oifigigh mo Roinn-se agus na comhlachtaí poiblí i gceist chun an próiseas maidir le haontú agus daingniú a gcuid scéimeanna a thabhairt chun ceann scríbe a luaithe agus is féidir. Táim dóchasach go n-éireoidh linn roinnt mhaith de na scéimeanna sin a dhaingniú i rith na bliana seo.

Barr
Roinn