Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú Gaelscoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 May 2010

Tuesday, 18 May 2010

Ceisteanna (510)

Trevor Sargent

Ceist:

546 D’fhiafraigh Deputy Trevor Sargent den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna an ndéanfaidh sí soiléiriú ar na critéir a úsáideadh sa chinneadh faoi Ghaelscoileanna nua do 2010, an ndéanfaidh sí athbhreithniú ar an gcinneadh gan aon Ghaelscoil nua a oscailt in 2010 agus an dtabharfaidh sí soiléiriú ar staid reatha na 7 n-iarratas ó choistí bunaithe a bhí le hoscailt in 2010 agus an t-iarratas ó choiste bunaithe Ghaelcholáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín i gContae Bhaile Átha Cliath a bhfuil beagnach 400 dalta ag iarraidh áite inti cheana féin. [20551/10]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ó 2008 i leith, tá sé ina pholasaí gan scoileanna nua a bhunú ach áit a n-éilíonn an déimeagrafach go mbunófaí scoileanna breise, go dtí go gcríochnófar obair bhreise áirithe atá idir lámha ag an gCoimisiún um Chóiríocht Scoile.

Tá an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna chun tuairisc a chur faoi mo bhráid go gairid maidir leis an athbhreithniú ar na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú. I measc na gceisteanna atá faoi chaibidil mar chuid den athbhreithniú tá tábhacht na Gaeilge, ceist na héagsúlachta agus an chaoi ina bhfuil an Ghaeilge ina bealach chun éagsúlacht a chur ar fáil. Tar éis don tuairisc a bheith ullmhaithe beidh orm ceisteanna polasaí agus socruithe riachtanacha a bhreithniú agus a chinneadh céard iad na nósanna imeachta úra a bheidh le cur ar bun. Breithneofar sa chomhthéacs seo caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge trí Ghaelscoileanna a bhunú. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na céad teanga oifigiúla. Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais. Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas — 17 ar fad ó 2005 i leith.

Tá staidéar ar an dtír déanta ag Rannóg Pleanála Chun Cinn mo Roinnse chun a fháil amach céard iad na ceantair ina bhféadfadh gá a bheith le cuid mhaith cóiríocht breise de bharr athruithe deimeagrafacha insna blianta amach romhainn. I ndiaidh na mionanailíse seo ba léir gur den chríonnacht é pleanáil chun scoileanna nua a bhunú a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010 chun freastal ar an éileamh méadaitheach i gceantair shainaitheanta áirithe. Rinneadh pléanna mionsonraithe i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis na ceantair a bhí faoi chaibidil. Maidir leis an gcuid is mó de na ceantair seo ba é tuairim ghluaiseacht na nGaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise ar sholáthar trí Ghaeilge chun bunú Gaelscoile nua a bharántú.

Rinneadh iarratas sainiúil ar Ghaelscoil nua a bhunú i Ráth Tó, Co na Mí. Ach tar éis anailíse mionsonraithe ar an méadú ar líon na ndaltaí i Meán Fómhair i mbliana agus ar chumas na scoileanna atá ann cheana, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás déimeagrafach. Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamh-mheasta déimeagrafach i Meán Fómhair 2010. Athbhreithneofar an cás seo roimh Mheán Fómhair 2011 i bhfianaise na riachtanas agus na bpléanna leis na comhlachtaí pátrúnachta.

Leanfaidh an Rannóg Pleanála Chun Cinn uirthi leis an obair ag ullmhú tuairiscí mar bheart tosaíochta don chuid eile den tír. Mar chuid den phróiseas seo, déanfar anailís ar na riachtanais oideachasúla insna seacht gceantar a bhfuil iarratais faighte ar Ghaelscoileanna a bhunú iontu. Machnófar ina leith seo chomh maith na riachtanais fhoriomlána le cóiríocht scoile i gContae Áth Cliath Thuaidh, san áireamh an cás i bhfabhar iarbhunscoile nua lán-Ghaelach a sholáthar i mBaile Brigín.

Barr
Roinn