Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil mo chuid oifigigh tar éis conarthaí a shíniú don suíomh i gceist. Beidh feidhm leis na conarthaí ar choinníoll go ndéanfar Cead deiridh Pleanála a dheonadh ar mo Roinnse. Tá mo Roinnse ag súil le hiarratas ar Chead Pleanála a chur faoi bhráid an Údaráis Áitiúil insna seachtainí seo chugainn.
Machnófar cur chun cinn na dtionscadal ar scála mór go léir, an tionscadal seo san áireamh, ó chéim an dearaidh tosaigh go dtí an tógáil san áireamh, i gcomhthéacs an chláir tógala agus nuachóirithe scoileanna. I bhfianaise an leibhéal éilimh ar bhuiséad caipitil na Roinne, áfach, ní féidir scála ama táscach do chur chun cinn an tionscadail a thabhairt ag an dtráth seo.