Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coláistí Samhraidh Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 January 2011

Wednesday, 19 January 2011

Ceisteanna (153, 154)

Dinny McGinley

Ceist:

200 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad é an líon daltaí a rinne freastal ar chúrsaí Samhraidh Gaeltachta (Coláistí Samhraidh Gaeilge) gach bliain idir 2000 agus 2010. [2971/11]

Amharc ar fhreagra

Dinny McGinley

Ceist:

201 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad é an líon daltaí a rinne freastal ar chúrsaí Samhraidh Gaeltachta i nDún na Gall gach bliain ó 2000 go 2011. [2972/11]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 200 agus 201 le chéile.

Tá sonraí sa Tábla thíos den líon daltaí ar íocadh cúnamh ina leith faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus a rinne freastal ar chúrsaí Gaeilge (i) sa Ghaeltacht agus (ii) i gCo Dhún na nGall gach bliain idir 2000 agus 2010.

Bliain

Líon daltaí sa Ghaeltacht

Líon daltaí i gCo Dhún na nGall

2000

23,108

6,642

2001

23,648

6,876

2002

24,411

6,917

2003

23,764

6,993

2004

23,490

7,106

2005

24,088

7,024

2006

25,313

7,603

2007

25,176

6,074

2008

27,001

6,413

2009

26,541

5,803

2010

24,278

5,141

Barr
Roinn