Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 March 2011

Tuesday, 29 March 2011

Ceisteanna (176, 177, 178)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

194 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil do Scéim na mBóithre Pobal i mbliana de bharr an luacha airgid atá ar fáil ón scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5693/11]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, rinneadh ciorrú substaintiúil ar bhuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta don bhliain 2011. I gcomhthéacs an chiorraithe sin agus i bhfianaise na ngealltanas atá ar láimh, ní léir go mbeidh sé ar chumas mo Roinne-se deontais a cheadú i leith bóithre pobail sa Ghaeltacht sa ghearr-théarma.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

195 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist cead a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5691/11]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

196 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist na feidhmeanna fiontraíochta atá ag Údarás na Gaeltachta a fhágáil acu mar atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5692/11]

Amharc ar fhreagra

Tógfaidh mé ceisteanna 195 agus 196 le chéile.

Mar is eol don Teachta, tá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbunófaí Údarás Gaeilge agus Gaeltachta (Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta), a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Tá ráite sa Straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an Údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht. Maidir le Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí tabhairt faoi sin go dtí go mbeadh na cinntí cuí tógtha maidir leis na cúrsaí seo uile.

Barr
Roinn