Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tograí Caipitil

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 April 2011

Tuesday, 5 April 2011

Ceisteanna (335)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

352 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén cead atá aige ón Roinn Airgeadais tograí caipitil a cheadú bunaithe ar allúntas na bliana agus céatadán den allúntas seo do na blianta atá le teacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6690/11]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é €86 milliún leithdháileadh caipitil na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta don bhliain 2011. Mar is eol don Teachta, ar bhonn athstruchtúrú na Ranna Rialtais a d'fhógair an Taoiseach an mhí seo caite, táthar chun deireadh a chur leis an Roinn sin agus a cuid feidhmeanna agus buiséid a aistriú chuig Ranna éagsúla eile. Dá réir sin, is faoin Roinn Airgeadais agus na Ranna sin a ndéanfar na feidhmeanna éagsúla a aistriú chucu a bheith sé teorainneacha ceadaithe an leithdháilte caipitil a bhreithniú don bhliain 2011 agus do na blianta dar gcionn.

Barr
Roinn