Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt Tionscail Iascaireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 May 2011

Tuesday, 17 May 2011

Ceisteanna (260)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

296 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt an bhfuil cead ag Údarás na Gaeltachta deontais a cheadú do thionscal na mbradán feirme agus mura bhfuil, cad iad na cúiseanna leis seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11374/11]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé curtha in iúl dom ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil cosc ar an eagraíocht deontais a íoc le hearnáil na feirmeoireachta bradán faoi láthair. Tuigim ón údarás go n-eascraíonn an cosc seo ó fhorálacha maidir le bradáin fhiáine a chosaint ó mhíolta mara atá sa Chlár Náisiúnta um Bhia na Mara. Foilsíodh an Clár Náisiúnta seo i 2010.

Barr
Roinn