Braithfidh an fráma ama chun teacht ar chinneadh maidir le hiarratais ar an suíomh, an speiceas, scála agus déine an táirgthe, an modh saothrúcháin, stádas reachtúil na láithreán, éifeacht fhéideartha ó thaobh amhairc, an bealach rochtana agus cé chomh minic a dhéanfar rochtain ar na láithreáin, gníomhaíochtaí eile sa limistéar srl. Beidh sé ag brath freisin, i measc rudaí eile, ar aon aighneachtaí nó tuairimí a ardaítear le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí.
Mar sin ní féidir fráma ama sonrach a thabhairt le fios maidir le hiarratais ar cheadúnas a phróiseáil.
Tá 564 iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe ag fanacht ar chinneadh — is é sin 301 iarratas ar cheadúnas den chéad uair agus 263 iarratas ar cheadúnas a athnuachan.
An riaráiste i bpróiseáil na n-iarratas ar cheadúnas nua agus na n-iarratas ar cheadúnas a athnuachan, tá sé i gceist den chuid is mó mar go bhfuil formhór na limistéar a bhfuil na ceadúnais á lorg ina leith ainmnithe mar Limistéir Chaomhantais Speisialta faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach agus/nó Limistéir faoi Chosaint Speisialta faoin Treoir maidir le hÉin ón Aontas Eorpach (láithreáin Natura 2000).
I gcás na láithreán dobharshaothraithe atá lonnaithe laistigh de limistéir Natura 2000, tá an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, i gcomhar le Foras na Mara agus le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i mbun clár cuimsitheach d'fhonn na sonraí bonnlíne riachtanacha a bhailiú is iomchuí i gcomhair chuspóirí caomhnaithe na limistéar sin. Tá an próiseas sin leanúnach agus tá dul chun cinn suntasach déanta. De bharr an chláir chuimsithigh seo um bhailiú sonraí, mar aon le leagan síos cuspóirí caomhnaithe iomchuí ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, beifear in ann gach iarratas nua, iarratas athnuachana agus iarratas ar athbhreithniú a mheas go hiomchuí chun a chinntiú go gcomhlíonfar na Treoracha maidir le hÉin agus le Gnáthóga ón Aontas Eorpach. Léiríonn an obair seo infheistíocht shuntasach airgeadais, riaracháin agus eolaíochta ag an Stát maidir le réiteach na ceiste seo. Déanfar Measúnú Iomchuí na n-iarratas dobharshaothraithe ar bhonn gach bá go leithleach.
Leanann mo Roinn ag déanamh gach iarrachta luas a chur faoi chinneadh a dhéanamh maidir le gach cás nach bhfuil cinneadh déanta ina leith go fóill, ag féachaint do chastacht gach cás agus don ghá atá ann an reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an AE a chomhlíonadh go hiomlán.