Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 July 2011

Thursday, 21 July 2011

Ceisteanna (393)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

397 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó tharla cúraimí na nOileán a bheith air céard atá á dhéanamh aige lena chinntiú go mbeidh daoine i gcathaoireacha rotha in ann dul ar gach seoladh ó Ros an Mhíl go dtí Oileáin Árann agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22372/11]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá fóirdheontas ar fáil ó mo Roinnse chun seirbhís farantóireachta a chur ar fáil idir Ros an Mhíl agus na hOileáin Árann. Tuigtear go mbíonn deacrachtaí ó am go ham maidir le cathaoireacha rotha a thabhairt ar na báid farantóireachta, ag brath ar an taoide ar an bhfarraige. Tá comhráití ar bun faoi láthair idir mo Roinnse, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Oifig na Suirbhéireachta Muirí agus an comhlacht farantóireachta atá ag soláthar na seirbhíse faoin bhfóirdheontas. Táim dóchasach go mbeifear in ann teacht ar shocrú, sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse, sa chaoi is go réiteofar an fhadhb atá luaite ag an Teachta.

Barr
Roinn