Éamon Ó Cuív
Ceist:316 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige síneadh ama a chur leis an sprioclá d’aighneachtaí a chur isteach in aghaidh ainmniú ceantar i gConamara mar Limistéir faoi Chosaint Speisialta, de bharr an imní atá ar dhaoine faoin ainmniú seo agus an deacracht atá ag daoine na mapaí atá riachtanach le haighneacht a chur isteach a fháil, ón 21ú Meán Fómhair go deireadh Dheireadh Fómhair ar a laghad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24784/11]
Amharc ar fhreagra