Sna meastacháin a d'fhoilsigh mo Roinn Dé Luain an cúigiú lá den mhí, tá sonraí de na leithdháiltí caipitil ar aontaigh mé go bhféadfaí iad a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain seo chugainn — féach an Tábla thíos. Cumadh an córas ilbhliantúil agus an áis um airgead a thabhairt ar aghaidh d'fhonn éifeachtúlacht agus éifeacht Ranna agus gníomhaireachtaí a fheabhsú maidir le cláir agus tionscadail chaipitiúla a bhainistiú. Laistigh den chóras sin, tá Ranna aonair freagrach as na tionscadail agus na cláir ina réimsí féin. Is féidir breis sonraí i dtaobh an chaiteachais ar thionscadail agus chláir a fháil go díreach ó na Ranna ábhartha.
Roinn/Oifig
|
Méid
|
Cuspóir
|
Talmhaíocht
|
€26.9m
|
Talmh-bhia, geilleagar tuaithe
|
Cumarsáid
|
€15.8m
|
Aisoiriúnú
|
Cosaint
|
€0.5m
|
Foirgnimh
|
Comhshaol
|
€34m
|
Clár LEADER.
|
Poist/Fiontar/Nuálaíocht
|
€18.1m
|
Deontais EI, STI, micrea-airgeadas
|
Dlí & Ceart agus Comhionannas
|
€0.46m
|
Saotharlann na hEolaíochta Fóiréinsí
|
Gnóthaí Eachtracha
|
€0.37m
|
|
Sláinte
|
€1.5m
|
Foirgnimh & Trealamh
|
Oifig na nOibreacha Poiblí
|
€8m
|
Bainistíocht Eastát
|
Coimirce Shóisialach
|
€0.8m
|
ICT & r-rialtas
|
Iompar
|
€8.7m
|
Taisteal Cliste, deontais spóirt
|
IOMLÁN
|
€115.16m
|
|