Fuarthas iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta/Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ón duine ainmnithe ar an 1 Aibreán 2011. Roghnaíodh an t-iarratas seo le haghaidh Cigireacht Satailíte inar tugadh le tuiscint go raibh ró-éilimh i gceist. Dá éis sin deimhníodh na ró-éileamh nuair a rinneadh cigireacht ar an talamh ar na bearta. Le déanaí scríobhadh chuig an iarratasóir chun míniú a thabhairt ar na sonraí maidir lena phionós idir 3 agus 20% agus go bhfuil sé i dteideal achomharc a thaisceadh maidir le torthaí na cigireachta. Déileálfar go sciobtha le hachomharc ar bith den sórt sin.