Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Deontais

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 25 January 2012

Wednesday, 25 January 2012

Ceisteanna (147)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

148 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas deontais ó Mheitheal Oibre Chill Éinne, Inis Mór, Árainn chuig Comhar na nOileán faoi Chlár Leader. [4321/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Rinne an tionscnamh a luaitear iarratas ar dheontas €200,000 faoin gClár Forbartha Tuaithe. Caithfidh an tionscnamh ceadúcháin deiridh a fháil ó mo Roinn.

Bíonn comhairliúcháin mionsonraithe i gceist de ghnáth idir mo Roinn agus an grúpa gníomhartha áitiúil cuí sa phróiseas measúnaithe a dhéantar ar thionscnaimh d'ard luach (tionscnaimh le ceadú deontais de €150,000 nó os a chionn). Bíonn gá go minic mar chuid den phróiseas seo tuilleadh doiciméadú a chur ar fáil nó soiléiriú a dhéanamh ar ghné den tionscnamh, mar a thit amach i gcás an tionscnamh seo. I gcásanna áirithe tá seans ann chomh maith go ndéanfar modhnuithe ar an dtionscnamh beartaithe chun cinntiú go gcuireann an tionscnamh an luach airgid is fearr ar fáil agus go gcomhlíontar na Rialacháin riachtanach naisiúnta agus Eorpach faoina rialtar na gnéithe a dhéantar maoiniú orthu faoin gClár. Déanann na measúnachtaí seo measúnú freisin ar an ndíríonn an tionscnamh mar a bheartaítear ar riachtanais an phobail áitíúil sa tslí is fearr.

Tá díongá le measúnacht iomlan agus mionsonraithe a dhéanamh ar gach tionscnamh. Déanann an tAontas Eorpach cómhaoiniú ar ghníomhaithe LEADER ag ráta 55% agus mar sin tagann siad faoi bhráid réimeas rialála dian a n-éilíonn go gcaithfidh gach tionscnamh a bheith comhlíontach sula bhronnann na comhlachtaí LEADER maoiniú orthu.

Tá iarrtha ag mo Roinn ar Chomhar na nOileán Teorana soiléiriú a thabhairt ar chúpla gné atá bainteach leis an dtionscnamh. Nuair a thugtar soiléiriú ceart ar na ceisteanna seo beidh mo Roinn i luí cinneadh a dhéanamh ar an gceist. Cuirfear an Grúpa Gníomhartha Áitiúil ar an eolas faoin dtoradh agus cuirfidh an grúpa gníomhartha áitiúil ar a n-uain an tionscnóir áitiúil ar an eolas.

Barr
Roinn