Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Lán-Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2012

Tuesday, 31 January 2012

Ceisteanna (188)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

220 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an gcreideann sé go bhfuil sé de cheart ag gach tuismitheoir in Éirinn a bpáistí a chur chuig Gaelscoil; an bhfuil measúnú aige ar cén céatadán de thuismitheoirí na tíre atá ag lorg oideachais trí mheán na Gaeilge dá bpáistí; céard atá ar bun aige chun an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht a shásamh. [5096/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Glacann an bunoideachas ról feiceálach chun an chéad teanga oifigiúil a chaomhnú agus a leathnú amach. Is é an cuspóir tábhachtach a bhí riamh ag Rialtais leanúnacha Éireannacha ná an teanga Ghaeilge a chur chun cinn agus rinneadh a háit in ár gcóras oideachais a chosaint ar bhonn seasmhach i gconaí. Rinneadh a leithéid a fhrithchaitheamh sna blianta a ghabh tharainn sa mhéid gur aithníodh roinnt Gaelscoileanna nua — bunaíodh 18 gaelscoil nua ón bhliain 2005 amach agus tá ceann eile le hoscailt i mí Mheán Fómhair na bliana seo. Méadaíonn a leithéid an líon gaelscoileanna suas go dtí 141 agus bhí 29675 dalta ar na rollaí iontu siúd sa scoilbhliain 2010/11. Mar bhreis air sin tá 106 bunscoil Lán-Ghaelach ann agus an clárú iomlán iontu ionann is 7302 dalta sa scoilbhliain 2010/11.

Mar is eol don Teachta, rinne mé a fhógairt i mí an Mheithimh 2011 go bhfuiltear chun 20 bunscoil nua a bhunú in ionaid éagsúla sa sé bliana rómhainn. Rinne mé a fhógairt, freisin, go mbeidh eagair nua i bhfeidhm maidir le bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal a aithint. Na heagair nua seo a foillsíodh ag mo Roinn, cuireann siad cur chuige cothrom i bhfeidhm chun go bhféadfaí iarratais ar bhunú scoileanna nua a dhéanamh ag patrúin ionchasacha. Cuireann na critéir a úsáidfear i roghnú Pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua seo béim ar leith ar éileamh tuismitheoirí maidir le éagsúlacht agus le ilfheidhmeannas Pátrúnachta.

Beidh an Teachta eolach freisin maidir leis an bhFóram ar Phátrúnacht agus Ilfheidhmeannas san Earnáil Bhunoideachais a sheol mé an bhliain seo caite agus tuigim go mbeidh ar fáil agam go luath an tuarascáil ón nGrúpa Comhairleach ar thoradh réamhbheartaithe an Fhóraim sin. Tuigim go mbeidh moltaí sa tuarascáil sin ar chonas is féidir an t-eileamh ar bhunoideachas Lán-Ghaeilge a shásamh sna réigiúin sin nach féidir leis na déimeagrafaigh bunú bunscoileanna nua a chosaint ná a údarú.

Barr
Roinn