Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhlachtaí Poiblí agus Tras-Teorann

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2012

Tuesday, 31 January 2012

Ceisteanna (39)

Peadar Tóibín

Ceist:

78 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis sonraí a thabhairt don Dáil ar an méid comhoibrithe idir-rialtasach trasteorann atá ar siúl ar son na Gaeilge. [5180/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Feidhmíonn an Foras Teanga mar cheann de na 6 chomhlacht forfheidhmithe thuaidh theas a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Tá dhá ghníomhaireacht mar chuid den Fhoras Teanga, eadhon, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Tá an Foras Teanga freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas agus do na hAirí sna Ranna Urraíochta, is iad sin mo Roinn agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann.

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil caidreamh an-mhaith agus comhoibriú leanúnach ag leibhéal aireachta agus feidhmeannaigh idir mo Roinnse, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas maidir le gnóthaí an Fhorais Teanga i gcoitinne agus cur chun cinn na Gaeilge agus na hUltaise ach go háirithe. Go hiondúil, bíonn ar a laghad dhá chruinniú in aghaidh na bliana den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i bhformáid rannach an Fhorais Teanga mar aon le cruinnithe ullmhúcháin agus monatóireachta, de réir mar is cuí. Beidh an chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i bhformáid rannach an Fhorais Teanga ar siúl in Inis Ceithleann i gCo. Fhear Manach ar 14 Feabhra 2012. Anuas ar na cruinnithe sin, bíonn deis ag na hAirí cúrsaí a phlé fosta ag cruinniú iomlánach na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas a eagraítear cúpla uair sa bhliain.

Ar ndóigh, bíonn deiseanna eile ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tUasal Jimmy Deenihan T.D., agus agam féin casadh lenár gcomhghleacaithe ó thuaidh ó am go chéile. Mar shampla, bhí mé féin i láthair nuair a rinne an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín MLA, feachtas Gaeilge a Roinne dar teideal Líofa 2015 a sheoladh ag Stormont i mí Mheán Fómhair 2011.

Barr
Roinn