Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comharchumainn Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2012

Tuesday, 31 January 2012

Ceisteanna (41)

Mary Lou McDonald

Ceist:

82 D’fhiafraigh Mary Lou McDonald den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis soiléiriú a thabhairt maidir leis an maoiniú a bheidh ar fáil do na Comharchumainn Gaeltachta agus d’Ealaín na Gaeltachta i mbliana agus cén ciste as a dtiocfaidh sé sin. [5179/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é€3 mhilliún an tsuim atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2012 dá Chiste Reatha/Forbairt. Déantar maoiniú as an gCiste sin ar dheontais reáchtála do chomharchumainn agus do chomhlachtaí pobal-bhunaithe, chomh maith le gnóthaí eile, lena n-áirítear gnóthaí pobail, teanga, cultúir, ealaíon, óige agus luath-oideachais. Tuigim ón Údarás nach bhfuil na sonraí iomlána maidir le dáileadh an Chiste seo socraithe go fóill.

Barr
Roinn