Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt Tionscal Iascaireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 February 2012

Tuesday, 14 February 2012

Ceisteanna (514)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

560 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist aige casadh le Comhar Caomháin, Inis Oírr leis an bhforbairt feirme éisc gar don oileán a phlé agus, go mór mór, an bhfuil sé i gceist aige na riachtanais bunstruchtúir ar an oileán a phlé leo le gur féidir leis an oileán an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as an togra; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7603/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá a fhios agam gur bhuail Bord Iascaigh Mhara le hionadaithe coiste forbartha Inis Oírr mar chuid de chlár fairsing comhairliúcháin sular cuireadh tús leis an bpróiseas iarratais oifigiúil le haghaidh ceadúnais maidir leis an tionscadal atá beartaithe.

Tuigim go ndearnadh raon leathan ceisteanna a phlé agus gur tugadh tacaíocht láidir an phobail don tionscadal faoi deara.

Déanfaidh mo Roinn an t-iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe a mheas de réir an Achta Iascaigh (Leasú), 1997. De réir mar a thuigim, ní mheasann BIM faoi láthair go mbeidh an bonneagar ar Inis Oírr ina bhac ar dheiseanna fostaíochta don phobal maidir leis an tionscadal.

Barr
Roinn