Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Sochair Leasa Shóisialta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 March 2012

Wednesday, 14 March 2012

Ceisteanna (97)

Sandra McLellan

Ceist:

97 D’fhiafraigh Sandra McLellan den Aire Coimirce Sóisialaí an gcuirfidh sí deifir le liúntas míchumais do dhuine (sonraí tugtha) i gCorcaigh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14436/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Rinne an duine i dtrácht iarratas ar liúntas míchumais ar 29 Meitheamh 2010. Ón fhianaise liachta a soláthraíodh leis an éileamh, atreoraíodh í go dtí duine de lia-mheasúnóirí na Roinne. Tar éis an fhianaise sin a léamh, mheas an lia-mheasúnóir nár cháiligh an t-iarratasóir don liúntas míchumais ar chúiseanna liachta. Ghlac an t-oifigeach breithiúnachta leis an tuairim sin agus cuireadh in iúl don iarratasóir i scríbhinn nár éirigh lena iarratas. Rinne an t-iarratasóir an cinneadh a achomharc dáéis leis an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh. Mheas an t-oifigeach achomhairc, bunaithe ar an fhianaise a bhí os a chomhair, nár thaispeáin an t-iarratasóir go raibh sé faoi shrian substaintiúil i dtaca le fostaíocht oiriúnach a fháil mar gheall ar mhíchumas sonraithe laistigh de chiall na reachtaíochta leasa shóisialaigh. Dícheadaíodh an t-achomharc dá réir. Cuireadh an cinneadh sin in iúl don iarratasóir i scríbhinn ar 20 Meitheamh 2011. Cinneadh críochnaitheach is ea cinneadh an oifigigh achomhairc in éagmais fíricí nó fianaise úr.

Barr
Roinn